SET2CLIL: Oiliúint i bhFiontraíocht Shóisialta le cuidiú teicneolaíochta bunaithe ar Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga.

2015-1-BG01-KA202-014337


TRÍ GHNÉ NUÁLAÍOCHA

    Scileanna i dtrí inniúlacht mhóra á sealbhú in aon chúrsa oiliúna amháin:
  • Scileanna i bhfiontraíocht shóisialta;
  • Scileanna i dteanga iasachta;
  • Scileanna TFC.

Céard is fiontraíocht shóisialta ann?

Is é atá i gceist le fiontraíocht shóisialta ná an chaoi gnó daonchairdiúil a bhunú, a chothú agus a reáchtáil.


Cé hiad na fiontraithe sóisialta?

Bíonn réitigh nuálaíocha do na fadhbanna sóisialta is práinní ag fiontraithe sóisialta.

Céard dó a sheasann CLIL?

Is iad David Marsh agus Anne Maljers a chum an téarma Foghlaim chomhtháite ábhair agus teanga (Content and language integrated learning) sa bhliain 1994. Modheolaíocht atá ann atá cosúil le tumoideachas teanga agus teagasc ábharbhunaithe ach gur cur chuige faoi leith é. Is í an fhealsúnacht atá taobh thiar de ná ábhar a fhoghlaim trí theanga bhreise agus, ar an mbunús sin, an t-ábhar agus an teanga a mhúineadh le chéile. Measann Coimisiún na hEorpa go bhfuil cur chuige den chineál seo tábhachtach mar go bhfuil sé in ann deiseanna a sholáthar do dhaltaí a scileanna nua teanga a úsáid anois.

Gnéithe den Tionscadal

Céard é féin?

Cur le forbairt scileanna fiontraíochta, teanga agus digiteacha san earnáil VET, sna ceantair thuaithe freisin.

Cén Áit?

I gceantair thuaithe i gcúig thír de chuid na hEorpa – an Bhulgáir, Éire, an Romáin, an Spáinn agus an Tuirc.

Cén Chaoi?

Tríd an saineolas atá ag múinteoirí teanga agus ag fiontraithe sóisialta a thabhairt le chéile, mar aon le saineolas TFC, chun sineirge thábhachtach a bhaint amach: réiteach VET traschuraclaim breisluacha atá nuálaíoch agus a bhfuil rochtain oscailte air.

Cé hIad Féin?

Fiontraithe sóisialta, soláthróirí VET, oiliúnóirí agus foghlaimeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus cinnteoirí san earnáil shóisialta, údaráis agus lucht déanta beartas.

Fiontraíocht Shóisialta – Cén Fáth?

Is minic gurb í an fhiontraíocht shóisialta an phríomhacmhainn forbartha i roinnt ceantar san Eoraip, na réigiúin tuaithe ach go háirithe. Tuairiscíonn Líonra na hEorpa um Fhorbairt Tuaithe go bhfuil rátaí fostaíochta níos ísle ná leath de mheánráta an AE ag isteach le amach le 14% den daonra i réigiúin tuaithe an AE. Is crann taca tábhachtach de gheilleagar na hEorpa an geilleagar sóisialta, arb ionann é agus isteach is amach le 10% den Olltáirgeacht Intíre (GDP). Tá níos mó ná 11 milliún oibrí, nó 4.5% de dhaonra gníomhach an AE, fostaithe sa gheilleagar sóisialta. Is gnó sóisialta ceann amháin as gach ceithre ghnó a bhunaítear gach bliain. Tá an tuiscint ann, de réir tuarascála ar nuálaíocht shóisialta agus ar fhostaíocht i bpobail tuaithe, go bhféadfadh cúrsaí oideachais nua dóibh siúd atá ina gcónaí faoin tuath borradh a chur faoin nuálaíocht shóisialta. Is pobail iad sin atá i gcontúirt a n-imeallaithe mar thoradh ar mhíbhuntáistí geografacha agus eacnamaíocha.

Cén fáth CLIL?

Tugann sé níos mó deiseanna teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh gan tréimhse ama an churaclaim a fhadú. Baineann sé úsáid as réimse uirlisí TFC chun oiliúint phraiticiúil a éascú. “Osclaíonn sé teangacha do réimse níos leithne foghlaimeoirí, agus cothaíonn sé féinmhuinín i bhfoghlaimeoirí óga agus iontu siúd nár fhreagair go maith do theagasc teanga foirmeálta le linn dóibh a bheith ag fáil oideachais ghinearálta. Nochtann sé an teanga d’fhoghlaimeoirí gan am breise curaclaim a bheith ag teastáil, ar ghné é sin a d’fhéadfadh a bheith úsáideach i suíomhanna gairmoideachais.” (Wikipedia)

Nuacht

NUACHTLITIR IV

23 / 08 / 2017

Bhí an cruinniú deireanach don Tionscadal ar siúl ag an éargraíocht Fundatia Professional idir an 7ú agus 8ú lá de mhí Meitheamh 2017 i mBúcairist.


NUACHTLITIR  IV

AN CEATHRÚ SEASIÚN AN TIONSCADAIL

12 / 06 / 2017

Bhí an cruinniú deireanach don Tionscadal ar siúl ag an éargraíocht Fundatia Professional idir an 7ú agus 8ú lá de mhí Meitheamh 2017 i mBúcairist.

AN TRÍÚ CRUINNIÚ DE CHUID AN TIONSCADAIL- Luimneach, Éire

NUACHTLITIR III

16 / 12 / 2016

Chuir an tOllamh Micheal Healy, an Leasuachtarán Comhlach ar Thaighde, fáilte roimh na rannpháirtithe chuig Coláiste Mhuire gan Smál.


NUACHTLITIR  III

AN TRÍÚ CRUINNIÚ DE CHUID AN TIONSCADAIL

06 / 12 / 2016

Rinne Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach, Éire óstáil ar an tríú cruinniú trasnáisiúnta de chuid an tionscadail SET2CLIL ar an 24 agus 25 Samhain.

AN TRÍÚ CRUINNIÚ DE CHUID AN TIONSCADAIL- Luimneach, Éire

NUACHTLITIR II

30 / 07 / 2016

Ullmhúcháin don chéad Aschur Intleachtúil. Céard faoi Teoiric na hIléirime agus cén fáth a múinfí an Béarla agus an Fhiontraíocht Shóisialta i dteannta a chéile?

NUACHTLITIR  II

AN DARA CHRUINNIÚ TIONSCADAIL

30 / 06 / 2016

Bhí Fundatia Professional ina óstach don dara cruinniú trasnáisiúnta Tionscadail SET2CLIL an 23 – 24 Meitheamh in Targu Mures, an Romáin.

AN DARA CRUINNIÚ TIONSCADAIL - Targu Mures, Romáin

NUACHTLITIR I

18 / 01 / 2016

An Chéad Nuachtlitir den Tionscadal SET2CLIL. Eolas faoin tionscadal, sonraí faoi CLIL agus faoin bhfiontraíocht shóisialta.


NUACHTLITIR  I

AN CHÉAD CHRUINNIÚ TIONSCADAIL

14 / 01 / 2016

Reáchtáladh an chéad chruinniú tionscadail trasnáisiúnta de na chomhpháirtithe an 9–10 Nollaig in Tryavna, an Bhulgáir.

First Project Meeting in Tryavna, Bulgaria

Lean linn: Facebook icon Linked in icon Twitter Instagram icon


Le tacaíocht ó CHLÁR ERASMUS+ an Aontais Eorpaigh

Tá tacaíocht faighte ag an tionscadal seo ó Choimisiún na hEorpa. Tuairimí na n-údar amháin a thugtar ar an suíomh gréasáin seo agus ní bheidh an Coimisiún freagrach as úsáid ar bith a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfaisnéis atá ann.